Mo Mháire

Ag feis nó dáil níl bean le fáil

Chomh sciamhach le mo Mháire

Tá aice cneas bog bán a 's deas

Do chiurfeadh lil' faoi náire

'San domhan seo, níl aon chroí chomh díl

Nó cailín tá níos fíre

'Measc óg nó sean 'sí plúr na mban

Is ise bród na tíre

Tá gruaig mo stóir mar fháinni óir

A' titim síos go talamh

Thar muinéal bán a 's guaille lán

A cuma tá mar dhealbh

Gí glan soiléar gach réalt 'san spéir

Tá súil mo ghrá níos glaine

'S binne glór mo chailín óig

Ná cláirsí ciúin na cruinne

'Measc aos óg i leathar bróg

As urlár, cúirt nó pairliúin

Níor sheas le taobh aón fhear ariamh

Bean-rinceoir leath chomh hálainn

Má bhris sí croí aon óganiagh

Gan bréag do bhris si céadta

'Gus tá na mná fáil bháis gach lá

Le troim is neart a n-éada

Ag feis nó dáil níl bean le fáil

Chomh sciamhach le mo Mháire

Tá aice cneas bog bán a 's deas

Do chiurfeadh lil' faoi náire

'San domhan seo, níl aon chroí chomh díl

Nó cailín tá níos fíre

'Measc óg nó sean 'sí plúr na mban

Is ise bród na tíre